Liadh for President
Liadh for President

Scoláirí Gaelscoile le Seachain na Gaeilge a chéiliúradh sa Bhruiséal

Cuirfidh an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Liadh Ní Riada, fáilte roimh toscaireacht daltaí ó Gaelscoileanna éagsúla i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil le linn Seachtain na Gaeilge. Glacfaidh na daltaí páirt insna cluichí rólimeartha trí mheán na Gaeilge a cuirtear ar fáil sa Pharlaimint.

Ag déanamh tagairt den toscaireacht duirt Liadh;

“Tabharann Seachtain an Gaeilge deis dúinn céiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga, agus ar an tionchar dearfach atá ag an nGaeilge ar ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht.

“Anuraidh thugamar an chéad toscaireacht riamh amach chun na cluichí rólimeartha a imirt trí mheán na Gaeilge agus mar sin tá an-áthas orm fáilte a chuir roimh daltaí ó ghaelscoileanna éagsúla chun cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa, agus úsáid a bhaint as a dteanga dúchasach.

“Ní amhain go mbeimíd ag tabhairt daltaí as Éirinn, ach beidh Gaeilgóirí óga atá bunaithe sa Bhruiséil ag glacadh páirt ann chomh maith. Is rud iontach é sin mar go dtugann sé teachtaireacht laidir dár aos óg gur teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge.

“Táim go hiomlán tiomnaithe ar cuir chun cinn na Gaeilge in Éirinn, agus cothrom ná féinne a bhaint amach di san Eorap. Faoi láthair níl riachtainais pobail na Gaeilge á shásamh sa bhaile nó san Eorap.

“Níl na seirbhísí poiblí againn agus easpa toill poilitiúil as an rialtas i dtaobh í chuir chunn cinn. Ní cheart go mbeadh stádas don dara-ghrád ag an nGaeilge, agus leanfaidh mé ag troid i gcoinne aon iarracht í a choimead ar ísealchéime. Caithfear freastal ní amháin ar munnitir na Gaeltachta ach ar an pobal Gaeilge i gcoitinne. Caithfear í chosaint do na glúinte amach romhainn.”

Copyright 2024